Gairmeacha

Fáilte chuig leathanach na nGairmeacha ar shuíomh idirlín Oifig an Choimisinéara Gaeilge

Tá Oifig an Choimisinéara Gaeilge tiomanta d’úsáid na Gaeilge a chothú agus a chosaint trí thacaíocht a thabhairt d’údaráis phoiblí chun seirbhísí ar ardchaighdeán trí mheán na Gaeilge a sholáthar.

Agus an oifig nua seo á cur ar bun againn, tá muid ag earcú foireann atá cumasach, tiomanta agus luachdhírithe leis an obair thábhachtach seo a chur chun cinn. Tá na deiseanna fostaíochta reatha taobh istigh den Oifig le fáil ar an leathanach seo, chomh maith le heolas maidir le róil atá fógartha thar ceann eagraíochtaí atá i mbun earcaíochta do phoist le Gaeilge.

Má tá tú díograiseach agus ag iarraidh cur le fás na Gaeilge sa tsochaí, mholfadh muid duit amharc ar na deiseanna thíos.

*Tabhair faoi deara nach bhfuil an Oifig freagrach as cruinneas ná ábhar an eolais a chuireann eagraíochtaí seachtracha ar fáil.

Níl folúntais ar bith ann faoi láthair.