Eolas Fúinn
Faoin Acht Féiniúlachta agus Teanga (Tuaisceart Éireann) 2022 ('an tAcht'), rinneadh foráil d’Oifig an Choimisinéara Gaeilge agus bunaíodh í i mí na Samhna 2025.
Bronnann an tAcht aitheantas oifigiúil ar stádas na Gaeilge i dTuaisceart Éireann, trí fhoráil a dhéanamh do na nithe seo:
- Ceapadh Coimisinéara Gaeilge,
- forbairt ar chaighdeáin dea-chleachtais i dtaca le húsáid na Gaeilge i measc na n-údarás poiblí, agus
- ceangaltas a chur ar údaráis phoiblí le haird a thabhairt ar na caighdeáin seo de réir mar is cuí.
Faoin Acht, aithnítear bealaí eile a dtugtar aitheantas oifigiúil don Ghaeilge, mar shampla trí ghealltanas Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann glacadh le straitéis chun forbairt na Gaeilge a chur chun cinn agus a chosaint, trí obair an Fhorais Teanga Thuaidh-Theas (Foras na Gaeilge), agus trí sholáthar a bhaineann leis an Ghaeloideachas.
Is é an phríomhaidhm atá ag an Choimisinéir Gaeilge ná úsáid na Gaeilge sna húdaráis phoiblí a chothú agus a chosaint agus iad ag soláthar seirbhísí don phobal nó do sciar den phobal i dTuaisceart Éireann.
Dá réir sin, beidh sé de dhualgas ar an Choimisinéir caighdeáin dea-chleachtais a ullmhú maidir le húsáid na Gaeilge i soláthar seirbhísí (‘na caighdeáin’), monatóireacht a dhéanamh orthu agus iad a chur chun cinn. Agus beidh ar údaráis phoiblí aird a thabhairt ar na caighdeáin sin.
Faoin Acht, déantar foráil do nós imeachta gearán, le go mbeidh ar an Choimisinéir fiosrúchán a dhéanamh ar ghearáin ó bhaill an phobail a chreideann gur theip ar údaráis phoiblí cloí lena ndualgais chun aird chuí a thabhairt ar na caighdeáin dea- chleachtais.
A luaithe a fhorbrófar na caighdeáin, cuirfear ar fáil iad go forleathan agus cuirfear ar bun nós imeachta cuimsitheach le gearáin a dhéanamh.
An Coimisinéir Gaeilge – Pól Deeds
Cheap an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire Pól Deeds mar an chéad Choimisinéir Gaeilge do Thuaisceart Éireann sa bhliain 2025.
D'oibrigh Pól roimhe seo mar POF ag An Droichead, eagraíocht Ghaeilge a chuireann teanga agus cultúr na Gaeilge chun cinn i ndeisceart Bhéal Feirste, agus níos moille, mar leas-POF ar Fhoras na Gaeilge, an comhlacht trasteorann atá freagrach as cur chun cinn na Gaeilge ar fud oileán na hÉireann.
Déan Teagmháil Linn:
An Coimisinéir Gaeilge
Oifig an Choimisinéara Gaeilge,
Teach an Chomhionannais
Cearnóg Shaftesbury
Béal Feirste
BT2 7DP
eolas@coimisineir.org
Tá an suíomh idirlín seo á thógáil faoi láthair. Ar a chríochnú, beidh leabharlann d’fhoinsí úsáideacha a bhaineann le saincheisteanna teangacha mionlaigh le fáil air. Don am i láthair, iarrtar ort amharc ar na buntéacsanna seo a leanas: